Dlí agus Ceart - A nDéanaimid
Archived: 2026-04-23 17:21
Dlí agus Ceart - A nDéanaimid
Fógra maidir le fianáin
Baintear feidhm as fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun eolas a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann tú an suíomh. Úsáidtear an t-eolas seo le go bhfeidhmeoidh an suíomh a fheabhas agus is féidir.
Tá níos mó sonraí ar fáil inár gcuid beartas fianán agus príobháideachais
.
Polasaí
Dlí agus Ceart - A nDéanaimid
Ó:
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
Foilsithe: 9 Meitheamh 2021
An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2025
achoimre
Rochtain ar an gCeartas
An chaoi a dtéimid i ngleic leis an gcoireacht
Sábháilteacht do Phobail
An Inimirce go hÉirinn
An tSlándáil
Tacú le hÍospartaigh
Oibríonn
an Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
chun an tslándáil phobail agus náisiúnta a chur ar aghaidh, an ceartas agus an comhionannas a chur chun cinn agus cearta an duine a chosaint, chun an fhís atá againn d’Éirinn shábháilte, chothrom agus uilechuimsitheach a bhaint amach.
Rochtain ar an gCeartas
Is buncheart é
Rochtain ar an gCeartas
a chuireann ar ár gcumas sochaí chothrom a bheith againn. Ní foláir do chórais an cheartais agus na gcúirteanna dul in oiriúint dár dtír agus í ag athrú léi.
Áirítear i bhfreagracht na Roinne rochtain ar an gcóras ceartais a leathnú agus bacainní ar an gcóras sin a bhaint, le go bhfreastalófar leis ar riachtanais an phobail, riachtanais na sochaí agus riachtanais ghnó.
.... tuilleadh faoi

Maidir le
Dul i ngleic leis an gCoireacht
, tá sé mar aidhm againn Éire níos sábháilte a thógáil tríd an gcoireacht a laghdú agus a chosc, agus sinn ag obair go leanúnach chun cur leis an tslándáil náisiúnta, agus an Garda Síochána a athrú ó bhonn agus a neartú.
Déanfaimid ár ndlíthe a athchóiriú chun déileáil go héifeachtach leis na daoine a fhéachann le fuath, eagla agus ciapadh de chineál ar bith a scaipeadh.
…. tuilleadh faoin
gCaoi a dtéimid i ngleic leis an gCoireacht
Sábháilteacht do Phobail
Tá sé tuillte ag daoine fud fad na tíre a bhrath go bhfuil siad sábháilte ina bpobail. Mar sin, fad a bhaineann le
Sábháilteacht Pobail
, cuirfimid an tsábháilteacht sin ar fáil trí dhul i mbun pléití le pobail, trí dhul i ngleic le hathchiontú, agus trí thacú le híospartaigh.
Cuirfear na híospartaigh go léir i lár ár gcórais ceartais chóiriúil, agus gheobhaimid réidh leis an eagla a bhíonn ar go leor íospartach roimh theacht chun tosaigh chun ar tharla dóibh a thuairisciú.
Cuideoidh ionchur níos mó ó phobail féin, agus iad ag obair le seirbhísí poiblí, leis an tsábháilteacht pobail a fheabhsú agus an díobháil a laghdú.
…. tuilleadh faoi
Shábháilteacht do Phobail
An Inimirce go hÉirinn
Baineann Éire tairbhe eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha as an éagsúlacht arb iad na daoine a roghnaíonn taisteal chugainn chun cuairt a thabhairt, chun dul i mbun staidéir, chun bheith ag obair agus chun cónaí anseo a thugann go dtí ár dtír í.
Tá an Roinn tar éis tús a chur le haistriú ó phróisis pháipéar-bhunaithe dlúthshaothair go seirbhísí
Inimirce
éifeachtúla líne tosaigh, ag teacht lenár m
beartas Digiteach ar dTús
.
Chomh maith lenár seirbhísí a dhéanamh níos éifeachtúla, déanfaimid níos fusa le tuiscint iad trínár bpróisis a shimpliú agus trí eolas a chur ar fáil i mBéarla sothuigthe. Cuirfimid ár suímh ghréasáin ar fáil sna teangacha is coitianta a bhíonn ag lucht úsáide ár seirbhíse, freisin.
Cruthóimid conairí chun stádas daoine atá gan doiciméid inimirce go fadtéarmach agus a gcleithiúnaithe a thabhairt chun rialtachta agus forbróimid córas níos fearr d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear é a dhéanamh níos fusa dóibh bheith ag obair in Éirinn.
…. tuilleadh faoin
Inimirce go hÉirinn
An tSlándáil
Tá sé mar aidhm againn Éire níos sábháilte a thógáil tríd an gcoireacht a laghdú agus a chosc, chomh maith le bheith ag obair go leanúnach chun cur leis an t
Slándáil
Náisiúnta.
Leis an bPlean Ceartais, cuirfidh an Garda Síochána a n-ollathrú ó bhonn i gcrích, agus déanfar iad a fhorbairt ina n-eiseamláir den bharr feabhais sa phóilíneacht. Tacóidh forbairt riachtanach cumhachtaí, acmhainní agus teicneolaíochta éifeachtaí, arna cothromú le córas láidir éifeachtach rialachais agus formhaoirseachta, leis an nGarda Síochána chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.
…. tuilleadh faoi t
Slándáil
Tacú le hÍospartaigh
Tá sé tuillte ag daoine fud fad na tíre a bhrath go bhfuil siad sábháilte ina bpobail. Déanfaimid ár ndícheall an tsábháilteacht sin a chur ar fáil trí dhul i mbun pléití le pobail, dul i ngleic leis an atitimeachas, agus
Tacú le hÍospartaigh
. Is sciúirse é sciúirse an fhoréigin ghnéasaigh, baile agus inscnebhunaithe a bhfuil de rún daingean againn níos mó a dhéanamh chun dul i ngleic leis. Is é an cuspóir ná lucht déanta an fhoréigin sin a thabhairt faoi réim an cheartais, agus a chinntiú go bhfuil a fhios ag íospartaigh go dtacófar leo.
Tógfaimid bonneagar nua ar an gcaoi a n-eagraítear seirbhísí foréigin ghnéasaigh, baile agus inscnebhunaithe, agus ar an gcaoi a dtacaítear leis na seirbhísí sin, ar fud Ranna. Déanfaidh sé sin freastal níos éifeachtaí ar íospartaigh, agus cuideoidh sé le hobair ríthábhachtach na n-eagraíochtaí atá ag obair sa réimse seo. Cuirfear na híospartaigh go léir i gceartlár ár gcórais ceartais choiriúil, agus oibreoimid chun fáil réidh leis an eagla a bhíonn ar go leor íospartach roimh theacht chun tosaigh chun ar tharla dóibh a thuairisciú.
Déanfar Tacú le Turas Íospartaigh, ár bplean chun cuidiú le híospartaigh agus finnéithe soghonta i gcásanna foréigin ghnéasaigh, a chur i bhfeidhm ina iomláine. Athchóireofar leis an bplean sin an córas ceartais choiriúil ag gach pointe a dtagann íospartach i dteagmháil leis an gcóras sin. Neartófar tuilleadh le hobair chun na coireanna sin a chosc trí fheachtas náisiúnta feasachta pobail ar thoiliú.
Cuideoidh úinéireacht níos mó agus ionchur ó na pobail féin, agus iad ag obair le seirbhísí poiblí, chun feabhas a chur ar shábháilteacht pobail agus díobháil a laghdú. Ar fud na tíre, le Comhpháirtíochtaí nua Sábháilteachta Pobail déanfar pobail níos sábháilte do chónaitheoirí, do theaghlaigh agus do ghnónna.
…. tuilleadh faoi
Thacú le hÍospartaigh
Ábhar gaolmhar
Foilseacháin a bhaineann leis an mbeartas seo
Cuidigh linn gov.ie a fheabhsú
Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.
Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.
Bainistigh roghanna fianán
Roghanna fianán
Fianáin a chabhraíonn linn ó thaobh na cumarsáide de
D’fhéadfadh sé gur suíomhanna gréasáin tríú páirtí a shocródh na fianáin seo. Is é a dhéanann siad ná leithéidí an chaoi a mbreathnaíonn tú ar fhíseáin YouTube atá ar an suíomh seo a thomhas.