Animalia -
Bos primigenius taurus
Planta -
Triticum
Fungi -
Morchella esculenta
Bacteria -
Gemmatimonas aurantiaca
(- = 1 Micrometer)
Is í an
bhitheolaíocht
an brainse
eolaíochta
in a ndéantar staidéar ar rudaí beo, ar nós na n-
ainmhithe
agus na
bplandaí
, lena n-áirítear struchtúr, feidhm, fás,
éabhlóid
, dáileadh, agus
tacsanomaíocht
Réimse ollmhór agus éagsúil is ea an bhitheolaíochta nua-aimseartha, a chuimsíonn go leor brainsí agus fodhisciplíní.
Mar sin féin, in ainneoin raon leathan na bitheolaíochta, tá coincheapa ginearálta áirithe aici a rialaíonn gach staidéar agus taighde, agus a chomh-dhlúthaíonn í isteach i réimsí aonaracha leanúnacha.
Go ginearálta, aithníonn an bhitheolaíocht an
chill
mar an t-aonad bunúsach den saol,
géinte
mar aonad bunúsach na hoidhreachta, agus an
éabhlóid
mar an t-inneall a thiomáineann sintéis agus cruthú
speiceas
nua. Tuigtear freisin inniu go dtagann gach
orgánach
slán tré fhuinnimh a ídiú agus a athrú agus tríd a dtimpeallacht inmheánach a rialáil sa chaoi is go mbeadh sí cobhsaí agus beoga.
Sainítear fodhisciplíní na bitheolaíochta trí scála na n-orgánach a bhíonn faoi scrúdú, agus na modhanna a úsáidtear chun staidéar a dhéanamh orthu: scrúdaíonn an
bhithcheimic
an cheimic rudim uraiceacht ceimic na beatha; an
bhitheolaíocht mhóilíneach
na hidirghníomhaíochtaí casta idir
móilíní bitheolaíochta
; an
luibheolaíocht
bitheolaíocht na bplandaí; an
bhitheolaíocht na gceall
bun-bhloic tógála an bheathra uilig, an chill; Scrúdaíonn an
fhiseolaíocht
feidhmeanna fisiceacha agus ceimiceacha na
bhfíochán
, na n-
orgán
, agus
córas orgánach
ar n-orgánach; Scrúdaíonn an
bhitheolaíocht éabhlóideach
na próisis a tháirgtear éagsúlacht na beatha; agus scrúdaíonn an
éiceolaíocht
conas a n-idirghníomhaíonn orgánaigh ina dtimpeallacht.
Ábhar taighde don bhitheolaíocht is ea é conas a bhíonn na horgánaigh bheo á n-iompar agus cad é an chosúlacht atá orthu, conas a thagann na
speicis
agus na hindibhidí ar an saol, agus cén cineál idirghníomhaíochtaí a bhíonn acu le chéile agus leis an g
comhshaol
Roinntear na nithe beo ina dtrí phríomhghrúpa ar a dtugtar
fearainn
ón mbliain 1990 i leith. Roimhe sin, bhí córas na
ríochtaí
in úsáid. Ar dtús, ba nós dhá ríocht a aithint, mar atá,
Ríocht na nAinmhithe
agus
Ríocht na bPlandaí
. Téann an t-aicmiú seo siar go laethanta
Linnaeus
, ceannródaí Sualannach na bitheolaíochta agus na tacsanomaíochta.
Le forbairt an mhicreascóip, aithníodh beothaigh de chineálacha nua nach raibh so-aicmithe mar ainmhithe ná mar phlandaí, agus sa bhliain 1866 mhol
Ernst Haeckel
, bitheolaí Gearmánach, go dtabharfaí isteach an tríú ríocht -
ríocht na bprótaisteach
- mar chatagóir nua. Bhí an chuid ba mhó de na miocrorgánaigh aicmithe ina bprótaistigh, dar le Haeckel.
Sa bhliain 1937, roinn Édouard Chatton na beothaigh ina dhá n-
impireacht
, mar atá, impireacht na b
prócarót
agus impireacht na n-
eocarót
. Ba iad na prócaróit na nithe beaga beo nach raibh "carót", nó núicléas ceart, sa chill acu, ar nós na m
baictéar
agus na
víreas
Sa bhliain 1956, d'aithin Herbert Copeland ceithre ríocht, mar atá, ríocht na bplandaí, ríocht na n-ainmhithe, ríocht
Monera
agus ríocht na bprótaisteach. Dhearc Copeland ar na
fungais
mar phrótaistigh, nuair ba dhóigh le Haeckel gur plandaí a bhí iontu. An chatagóir nua a tháinig in úsáid, is é sin,
Monera
, b'ionann é agus na
baictéir
is na
hArchaea
Sa bhliain 1977, mhol Carl Woese córas nua
filigineachta
, inar scoilt sé ríocht na mbaictéar ina dhá leath, mar atá, na h
eobaictéir
agus na hArchaea. Ansin, bhí sé ríocht ann, mar atá, ríocht na n-ainmhithe, ríocht na bplandaí, ríocht na bhfungas, ríocht na bprótaisteach, ríocht na n-eobaictéar agus ríocht na n-aircéabaictéar.
An t-aicmiú filigineachta atá in úsáid inniu, áfach, tá sé bunaithe ar fhearainn in áit na ríochtaí, agus ba é Carl Woese a chuir bun leis fosta. Is í an tuiscint atá ag na bitheolaithe inniu ná go bhfuil trí phríomhghrúpa, nó trí fhearann, de nithe beo ann, mar atá, na h
eocaróit
, hArchaea, agus na baictéir. Is iad hArchaea na beothaigh ar a dtugtaí aircéabaictéir roimhe seo nuair a shíltí gur sórt baictéir a bhí iontu. Fearacht na mbaictéar níl a gcuid
aigéad dí-ocsairibeanúicléasach
(ADN) suite in aon núicléas ceart. Os a choinne sin, áfach,
trascríobhann
siad a gcuid ARN (
aigéad ribeanúicléasach
) ar bhealach atá níos cosúla le próiseas tras-scríofa na n-eocarót.
Brainse den
eolaíocht
is ea an bhitheolaíocht a bhaineann úsáid as an
modh eolaíochta
le heolas a bhailiú agus bailíocht na heolaíochta a thástáil. Is éard atá i gceist leis an modh eolaíochta ná eolas a bhailiú i gcaoi go mbeidh sé intomhaiste, intuartha agus bunaithe ar an taithí (eolas eimpíreach), agus gur féidir tátail a bhaint as an eolas sin de réir phrionsabail na réasúnaíochta.
Scéimléaráid den
ADN
(an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach), bunábhar na ngéinte
Cé go mbíonn na horgánaigh bheo an-éagsúil óna chéile ó thaobh na cuma is na cosúlachta de, tá saintréithe áirithe i bpáirt acu go léir. Is é sin, an bheatha go léir a bhfuil aithne againn uirthi mar bheatha, tá sí bunaithe ar an gcarbón agus ar chomhdhúile an charbóin. Na himoibrithe ceimiceacha a choinníonn an bheatha ag imeacht, is é sin, an
bhithcheimic
, titeann siad amach idir móilíní a bhfuil slabhraí fada d'adaimh charbóin iontu. Is iad na móilíní sin na blocanna tógála as a bhfuil an t-orgánach beo déanta. Ar an dóigh chéanna, is é an t-
uisce
an bun
tuaslagóir
sna beothaigh go léir. Sin a bhfuil le rá faoin mbeatha ar an Domhan, ach is féidir an cheist a chur, an gcaithfidh gach sórt beatha—beatha eachtardhomhanda ar phláinéid eile—más ann di ar aon nós—bheith i dtuilleamaí an charbóin ar an dóigh chéanna?
Le heolas géiniteach a choinneáil i dtaisce, baineann na horgánaigh bheo go léir úsáid as an dá mhóilín úd - ADN agus ARN - an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach agus an t-aigéad ribeanúicléasach. Prionsabal uilíoch eile is ea go bhfuil na neacha beo go léir (cé is moite de na
víris
) comhdhéanta de
chealla
. Is féidir cosúlachtaí móra a aithint idir na próisis fhorbartha a bhíonn ag na beothaigh éagsúla chomh maith.
Is é is brí leis an
éabhlóid
i gcúrsaí na bitheolaíochta ná an dóigh ar tháinig na beothaigh ardfhorbartha chun cinn ó na neacha simplí a bhí ann rompu, agus go ndeachaigh an bheatha chun castachta agus chun éagsúlachta in imeacht na milliún bliain. Ba é
Charles Robert Darwin
(12 Feabhra 1809 — 19 Aibreán 1882) ba thúisce a chuir an tuiscint seo os comhair an tsaoil mhóir, nuair a d'fhoilsigh sé a leabhar cáiliúil
On the Origin of Species by Means of Natural Selection
("An Dóigh a bhForbraíonn na Speicis tríd an Roghnú Nádúrtha"), sa bhliain 1859. Rinne an foilseachán seo athmhúnlú radacach ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir, nó chuir sé an dearcadh dinimiciúil in áit na tuisceana stataí a bhí ag na daoine ar an mbeatha agus ar an saol go dtí sin. Is é sin, má chreid na heolaithe roimh lá Darwin go raibh an nádúr do-athraithe, is é an síor-athrú is bunchloch don tuiscint eolaíochtúil ar an nádúr agus ar an dúlra ina dhiaidh.
Ba é Darwin an chéad duine a bhuanaigh an éabhlóid mar theoiric, ó bhí sé in ann fórsa a tiomána, is é sin, an roghnú nádúrtha, a mhíniú go sásúil, ach glactar leis go raibh an-lámh ag
Alfred Russel Wallace
i bhforbairt na teoirice chomh maith. Nuair a fuair na bitheolaithe nua-aimseartha amach faoin ngéineolaíocht, faoin
ADN
agus faoi mhacasamhlú an ADN, chuir siad míniú breise leis an scéal, mar atá, fánaíocht na ngéinte.
Úsáideann bitheolaithe an lae inniu córas rangaithe a bhunaigh an bitheolaí Sualannach, Carolas Linnaeus (1707—1778).
Rangaigh Linnaeus gach ainmhí agus planda dá raibh ar eolas aige ina saghsanna, agus thug sé sainainm faoi leith ar gach saghas.
Is í an
Tacsanamaíocht
an eolaíocht ina rangaítear rudaí beo.
Rangaítear na horgánaigh bheo de réir na gcosúlachtaí/na ndifríochtaí a bhíonn acu/eatarthu.
Go dtí le déanaí, bhí cúig phríomhrangú in úsáid (na Cúig Ríochtaí):
Monera
Protista
Fungi
Plantae
Animalia
Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn formhór na n-eolaithe den tuairim go bhfuil an rangú seo míchruinn agus as dáta.
Rangaítear rudaí beo i dtrí Ríocht sa tacsanomaíocht nua-aimseartha mar seo a leanas;
Archaea
(i gcéaduair mar Archaebacteria) — Baictéir (i gcéaduair mar Eubacteria) —
Eukaryota
Grúpáiltear "Géinis" i "bhFine", "Finte" in "Ord" mar seo a leanas;
Speiceas
Géineas
Fine
Ord
Rang
Fíleam
agus
Ríocht
Rangaíodh daonnaithe uile an domhain in aon speiceas amháin, sé sin
Homo sapiens

Homo sapiens
rangnaithe mar seo; Ríocht-Ainmithe, Fileam-Chordata, Rang-Mammalia, Ord-Primates, Fine-Hominidae, Géineas-
Homo
, Speiceas-
sapiens
Creidtear go bhfuil sinsearach uilechoiteann ag gach neach atá beo.
Is é is brí le 'hoimeastáis' ná an cumas oiriúnaithe atá ag córais oscáilte, timpeallacht inmheánacha a rialú agus coinníollacha atá cobhsaí nó seasmhach a bhaint amach.
Tagann an focal "bitheolaíocht" ó na focail "beatha" agus "eolaíocht"—ina bhfuil "eolaíocht" an t-ábhar a bhaineann le heolaí (duine a phléann le heolas). Tá sé cosúil leis na focail i roinnt teangacha Eorpacha eile a thagann ó na focail
Ghréigise
"βιos"
bios
(rud beo) agus "λoγos",
logos
(cuntas réasúnta).